An Hip-Hap Gaelach

An Hip-Hap Gaelach

About the show

Hip-hap, rap and song in Irish from new voices as well stalwarts of the scene.
Tá an Hip-hap Gaelach fillte tar éis sárthaispeántais ag IMRAM na bliana seo caite. Cloisfimid roinnt de na rapadóirí tréitheacha a chualamar anuraidh, chomh maith le glórtha úra Gaelacha. Éistfimid le ceol an mharfóra gan mhaith Cúán de Búrca agus a chomhchoirpeach hHH. Caol díreach ó Nua-Eabhrac braithfimid fuinneamh fuinte Cailín Lofa. Tá Limonead tar éis clú a bhaint amach di féin le cnagairí hip-hap pop i nGaeilge na hAlban. Rachaimid chomh fada le Tír na nÓg ar an eitleán bán le Blue Niall. Ó Bhéal Feirste cois cuain cloisfear rannta snasta an fhile ó bhéal Padaí de Cléir. Táimid ar tinneall le héisteacht le Mory, fear atá ag tabhairt glóir do BHÁC na nGael le stáir anois. Bímis réidh do rithimí James Shannon lena línte líofa uirbeacha. Cuirfidh Ciara Ní É cló eile uirthi féin agus í ag dul níos faide fós isteach i saol an cheoil. Bígí ann nó beifear gann srl srl, tá a fhios agaibh an chraic, laidhc.

An Hip-hap Gaelach rides again! We’ll hear some new voices rapping in Irish/Gaelic along with some stalwarts of the scene. Look forward to songs of the ruthless killer Cúán de Búrca and his fellow criminal hHH. Straight from New York, Cailín Lofa straddles the traditional and transgressive. Limonead will deliver with her own brand of Scottish Gaelic hip-hap rap pop. Catch Blue Niall’s cheapo airline flight to Tír na nÓg. From Belfast, the lyrical verses of the spoken word poet Padaí de Cléir. Mory gives Dublin an Irish voice and then we’ll bounce to the urban rhythms of James Shannon. Ciara Ní É will travel even further into the world of song. Be there or be square, djaknowwhatimean, like?

Curated by Eoin P. Ó Murchú

Arna léiriú ag Eoin P. Ó Murchú i gcomhpháirt le Craobh 1916 agus Club Chonradh na Gaeilge.

Topics

See all events